Fóirdheontas uilíoch um chúram leanaí
- Cad é an fóirdheontas uilíoch?
- Conas cáiliú don fhóirdheontas uilíoch
- Ráta an fhóirdheontais uilíoch
- Conas iarratas a dhéanamh ar anbh fóirdheontas uilíoch
- Tuilleadh Eolais
Cad é an fóirdheontas uilíoch?
Is fóirdheontas cúraim leanaí é an fóirdheontas uilíoch do leanaí atá i gcúram leanaí atá cláraithe le Tusla atá níos sine ná 6 mhí d’aois ach atá níos óige ná 15 bliana d’aois.
Baintear an fóirdheontas ón mbille foriomlán a fhaigheann tú ó do sholáthraí cúram leanaí.
Increase in childcare subsidy
From 2 September 2024, the minimum rate for the National Childcare Scheme subsidies will increase from €1.40 to €2.14 per hour. If you are currently getting a subsidy, this will be updated automatically and the NCS will notify you.
Conas cáiliú don fhóirdheontas uilíoch
Chun cáiliú don fóirdheontas uilíoch:
- Caithfidh do leanbh a bheith níos sine ná 6 mhí (24 seachtain) ach níos óige ná 15 bliana d’aois.
- Caithfidh do sholáthraí cúram leanaí a bheith cláraithe le Tusla agus i gconradh leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun an Fóirdheontas Uilíoch a thairiscint.
Níl an fóirdheontas tástáilte ó thaobh acmhainne.
Ní féidir leat an fóirdheontas uilíoch agus fóirdheontas ioncam-mheasúnaithe a fháil ag an am céanna. Is féidir leat a roghnú, áfach, cé acu fóirdheontas is mó tairbhe duit.
Ráta an fhóirdheontais uilíoch
Íoctar an fóirdheontas uilíoch um chúram leanaí ag €1.40 in aghaidh na huaire go dtí uasmhéid de 45 uair in aghaidh na seachtaine do gach leanbh incháilithe.
Mar shampla
Má tá do leanbh ag freastal ar ionad cúraim leanaí ar feadh 45 uair in aghaidh na seachtaine, d’fhéadfá fóirdheontas de €63 in aghaidh na seachtaine a fháil (€1.40 x 45 uair).
Má tá do leanbh ag freastal ar ionad cúraim leanaí ar feadh 20 uair in aghaidh na seachtaine, d’fhéadfá fóirdheontas de €28 in aghaidh na seachtaine a fháil (€1.40 x 20 uair).
Is féidir leat an t-áireamhán fóirdheontais ar láithreán gréasáin an NCS a úsáid chun cabhrú le do theidlíocht a oibriú amach.
Conas iarratas a dhéanamh ar anbh fóirdheontas uilíoch
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an bhfóirdheontas uilíoch faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí nua ag ncs.gov.ie.
Cad a bhiedh uait:
- Beidh cuntas MyGovID deimhnithe ag teastáil uait
- Beidh dáta breithe agus uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait do gach leanbh a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith.
Read more about applying for the NCS online.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bpost ach dul i dteagmháil leis an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Tógfaidh sé níos faide na hiarratais seo a phróiseáil agus d’fhéadfadh sé seo tionchar a bheith aige ar an dáta tosaigh ónar féidir d’fhóirdheontas a íoc.
Íocfar an fóirdheontas go díreach le do sholáthraí cúram leanaí agus asbhainfear é ó chostas do chúraim leanaí.
Tuilleadh Eolais
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí , tabhair cuairt ar www.ncs.gov.ie
You can get a list of contracted childcare providers from the NCS website or contact your City or County Childcare Committee.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí de chuid na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí. Glaoigh ar (01) 906 8530 (9am - 5pm Luan go hAoine).