Deontais chun an láthair-oibre a chuir in oiriúint agus a áisiú do fhoireann faoi mhíchumas
Réamhrá
Tá cúnamh deontais le fáil d'fhostóirí, d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe faoi mhíchumas, a dteastaíonn uathu an láthair oibre a chuir in oiriúint nó trealamh speisialta a cheannach d'fhoireann faoi mhíchumas. Tugtar Deontas um Threalamh/Oiriúnú Láthair Oibre ar an deontas seo agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an deontas má tá an duine faoi mhíchumas fostaithe cheana féin nó ar tí a bheith fostaithe agat. De rogha air sin, má tá tú faoi mhíchumas, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas tú féin má tá tú fostaithe cheana féin nó má tá at tí fostaíocht a thosú.
Is féidir leat deontas a fháil le haghaidh réimse oiriúnuithe agus trealaimh lena n-áirítear:
- Mionathruithe ar fhoirgnimh, mar shampla rampaí nó leithris oiriúnaithe
- Córais aláraim le soilse gealánacha
- Sintéiseoirí gutha do ríomhairí nó aimplitheoirí do theileafóin
Rialacha
Cé atá in ann an deontas a fháil?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an deontas seo má:
- Ofráladh fostaíocht nó printíseacht duit san earnáil phríobháideach
- Tá tú fostaithe san earnáil phríobháideach agus fuair tú poist nua agat le déanaí toisc go bhfuil tú athlonnaithe nó go bhfuair tú ardú céime
- Tá tú i bhfostaíocht san earnáil phríobháideach agus thit míchumas ort agus tú fostaithe, nó má tá riocht ort atá ag dul in olcas
- Tá tú ar tí a bheith féinfhostaithe agus tá gá le hoiriúnuithe ar d'ionad oibre nó ar do threalamh
Cé nach féidir leo an deontas a fháil?
Ní féidir le fostóirí agus fostaithe san earnáil phoiblí an deontas seo a fháil. Ní mór d'fhostóirí na hearnála poiblí (mar shampla, ranna rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, údaráis áitiúla) foireann faoi mhíchumas a chabhrú trí theicneolaíocht chúnta, trealamh agus áiseanna oiriúnaitheacha, áiseanna agus fearais a chur ar fáil. Ní mór dóibh é seo a dhéanamh óna n-acmhainní féin.
Rataí
Is é €6,350 an t-uasdeontas atá ar fáil chun trealamh a cheannach nó a chur in oiriúint. Is féidir an deontas a úsáid freisin chun uasghrádú a dhéanamh ar threalamh atá curtha in oiriúint cheana féin agus ar íocadh deontas lena aghaidh roimhe seo, agus chun daoine a chur faoi oiliúint ionas go n-úsáidfidh siad an trealamh.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leatsa nó le d'fhostóir iarratas a dhéanamh má tá tú fostaithe cheana féin nó ar tí a bheith fostaithe.
Ní mór duit:
- Cuid 1 (pdf) agus Cuid 2 (pdf) den fhoirm iarratais don Chiste um Shocruithe Réasúnta a chomhlánú. Tá foirmeacha ar fáil freisin ó d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
- Trealamh nó an t-oiriúnú atá ag teastáil a aithint, agus an cúis go bhfuil gá leis a chosaint
- Fianaise míochaine a chur ar fáil lena ndeimhnítear go gciallaíonn do mhíchumas go bhfuil gá leis an trealamh nó na hoiriúnuithe ionas gur féidir leat do phost a dhéanamh
- Meastacháin a sholáthar don oiriúnú nó don trealamh. Ní mór duit 2 mheastachán a fháil ar chostais os cionn €700 agus 3 mheastachán ar chostais os cionn €1,500
- Pleananna agus amscála le haghaidh aon oiriúnuithe san ionad oibre a chur isteach
Seol iarratais chomhlánaithe chuig d'Ionad Intreo áitiúil nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Buailfidh Cás-Oifigeach ón Roinn leat chun an t-iarratas a mheas. Má cheadaítear é, íocfar an deontas díreach leis an iarratasóir chun na costais chomhaontaithe a chlúdach.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil i dtreoirlínte WEAG agus tá sonraí teagmhála ar gov.ie.