BreastCheck
Réamhrá
Is é BreastCheck an clár scagthástála náisiúnta cíoch. Is í aidhm an chláir chun ailse chíche a aimsiú go luath agus cóir leighis a chur air i measc ban nach bhfuil aon chomharthaí i leith an ghalair acu.
Ní aimsíonn scagthástáil cíoch an ailse chíche go léir. Ach cruthaíodh go laghdaíonn scagthástáil an méid ban a fhaigheann bás de bharr ailse chíche.
Cuireann an clár mamagram (x-gha den chíoch) ar fáil do gach bean idir 50 agus 69 bliain d’aois saor in aisce gach 2 bhliain.
Cathain a thabharfar cuireadh dom freastal ar scagthástáil cíoch?
Tugtar cuireadh do gach bean idir 50 agus 69 bliain d’aois atá ar chlár BreastCheck freastal ar scagthástáil ailse chíche gach 2 bhliain.
Ba cheart go mbeadh do shonraí ar an gclár go huathoibríoch. Is féidir leat a sheiceáil go bhfuil d’ainm ar an gclár nó do shonraí a nuashonrú.
Tabharfar cuireadh duit i dtosach freastal ar scagthástáil idir 50 agus 52 bliain d’aois. Má tá tú idir 52 agus 69 bliain d’aois agus murar cuireadh coinne ar tairiscint duit go fóill, déan teagmháil go díreach le BreastCheck.
Má tá tú lasmuigh den spriocghrúpa aoise agus má bhaineann tú leas as scagthástáil chíche in ospidéal príobháideach, beidh ort íoc as an tseirbhís.
Má tá aon imní ort maidir le hailse chíche, má tá stair teaghlaigh agat maidir le hailse chíche nó na hairíonna a bhfuil imní ort fúthu, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh a atreoróidh tú, más iomchuí, chuig na seirbhísí síntómacha cíche i do cheantar.
Láithreacha BreastCheck
Tá 4 chlinic agus 21 aonad scagthástála soghluaiste ann. Is féidir leat teacht ar láithreacha do choinní BreastCheck ar láithreán gréasáin FSS.
Clár BreastCheck
Déanann BreastCheck clár ban atá incháilithe do scagthástáil a choimeád agus a chur le chéile. Ba cheart go mbeadh do shonraí ar an gclár go huathoibríoch. Is féidir leat seiceáil an bhfuil tú ar chlár BreastCheck ar líne.
Mura bhfuil tú ar an gclár, beidh an rogha agat clárú.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratais