Cigirí na Seirbhísí Meabhair-Shláinte
Réamhrá
An Coimisiún Meabhair-Shláinte a cheapann Cigire na Seirbhísí Meabhair-Shláinte ar sícriatraí comhairleach é, mar a éilítear ag an Acht Meabhair-Shláinte 2001. Tá Oifig Chigire na Seirbhísí Meabhair-Shláinte comhdhéanta de Chigire na Seirbhísí Meabhair-Shláinte agus foireann cigirí cúnta. Is daoine gairmiúla iad na cigirí cúnta ó raon cúlraí lena n-áirítear altranas, obair shóisialta, síciatracht, teiripe shaothair agus síceolaíocht chliniciúil.
Déanann Cigire na Seirbhísí Meabhair-Shláinte clár cigireachtaí ar shaoráidí meabhair-shláinte.
Feidhmeanna agus cumhachtaí
Is iad seo a leanas feidhmeanna an Chigire:
- Cúirt a thabhairt ar gach ionad ceadaithe uair sa bhliain ar a laghad. Is éard is ionad ceadaithe ann ná ospidéal nó saoráid d’othair chónaitheacha chun cóireáil a dhéanamh ar mheabhairghalair nó ar neamhord meabhrach.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhísí meabhair-shláinte gach bliain agus tuairisciú don Choimisiún faoi cháilíocht na cóireála atá á tabhairt do dhaoine atá ag fáil seirbhísí meabhair-shláinte agus gnéithe eile na seirbhísí.
Tá cumhachtaí éagsúla ag na cigirí dul isteach agus cigireacht a dhéanamh ar áitrimh, taifid a fháil, doiciméadú agus eolas ar bith eile a fháil ón bhfoireann oibre agus fianaise atá bainteach leis an gcigireacht, a thogáil faoi mhionn.
D'fhéadfadh sé go n-iarradh an Coimisinéar ar an gCigire fiosrúchán a dhéanamh faoi:
- Aon ionad ceadaithe nó aon áitrimh a gcuirtear seirbhís ar fáil iontu
- An cúram agus cóireáil atá dá fháil ag othar faoi leith, bíodh siad deonach nó neamhdheonach
- Aon ábhar cuí eile
Tá achoimrí na dtuarascálacha cigireachta ar fáil ar mrcirl.ie.
Gearáin
Má bhíonn gearán agat faoi sheirbhís meabhair-shláinte, ba chóir duit ar an gcéad dul síos, teagmháil a dhéanamh le soláthraí seirbhíse a gceanglaítear air nó uirthi de réir dlí nós imeachta gearán soiléir a bheith i bhfeidhm faoi Airteagal 31 de na Rialacháin um an Acht Meabhair-Shláinte 2001 (Ionaid Cheadaithe) 2006.
Má dhéanann tú teagmháil le haon bhall foirne den Choimisiún Meabhair-Shláinte maidir le gearán, tabharfar comhairle duit teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí seirbhíse toisc nach láimhseálann an Coimisiún Meabhair-Shláinte le gearáin aonair.
Má dhéanann tú teagmháil leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte maidir le imní i ndáil le seirbhís, cuirfear ar aghaidh chuig Cigireacht na Seirbhísí Meabhair-Shláinte tú más cuí.
Logálann an Chigireacht gach ábhar imní a bhaineann le seirbhísí meabhair-shláinte agus cuirtear iad sin san áireamh le linn cigireachta.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas