An t-árachas sláinte príobbháideach
Eolas
Tairgeann roinnt comhlachtaí in Éirinn árachas sláinte príobháideach deonach.
Is é an Bord Árachais Sláinte Dheonaigh (VHI) an soláthraí is mó árachais sláinte dheonaigh phríobháidigh. Comhlacht reachtúil is ea é a ndéanann an tAire Sláinte a bhord a cheapadh. Oibríonn Laya Healthcare, QUINN-healthcare roimhe seo, Aviva, GloHealth agus HSF Health Plan (níl aon chumhdach costais ospidéil d'othair chónaitheach) mar sholáthraí árachais sláinte dheonaigh phríobháidigh in Éirinn freisin. Tá roinnt soláthraithe árachais sláinte seanbhunaithe ann a dheailáileann le grúpaí áirithe fostaithe – ní féidir ach le fostaithe agus fostaithe ar scor agus a gcleithiúnaithe a bheith ina mbaill dóibh. Cuirtear scéimeanna le ballraíocht theoranta ar na scéimeanna seo – áirítear mar shamplaí na scéimeanna do na Gardaí, do oifigigh phríosúin agus do fhostaithe an BSE. Baineann na rialacha i dtaca le hárachas sláinte go cothrom leis na soláthraithe uile, ach déantar roinnt eisceachtaí i gcás na scéimeanna le ballraíocht theoranta.
Úsáid árachais sláinte
Úsáidtear árachas sláinte chun íoc as cúram príobháideach ospidéil nó cúram ó ghairmithe éagsúla sláinte san hospidéil nó ina gcuid cleachtas féin. Tá socruithe éagsúla ann ó chomhlacht go céile, ach tá socruithe ag an gcuid is mó de na comhlachtaí a ligeann don chomhlacht an ospidéal a íoc go díreach. De ghnáth íocann tú an gairmí sláinte agus ansin cuireann tú éileamh isteach ar an gcomhlacht sláinte árachais. Ba chóir duit fáil amach ó do chomhlacht féin cén nósanna imeachta atá acu.
An tÚdarás Árachais Shláinte
Rialóir neamhspleách reachtúil do mhargadh an árachais phríobháidigh sláinte in Éirinn é an tÚdarás um Árachas Sláinte (ÚÁS). Déanann sé monatóireacht ar oibriú an ghnó um árachas sláinte in Éirinn agus cuireann sé comhairle ar an Aire Sláinte ina thaobh, san áireamh déanann sé measúnú ar an tionchar atá ag aon rialacháin nó reachtaíocht nua ar thomhaltóirí. Tá sé mar aidhm ag an Údarás déanamh cinnte go bhfuil tomhaltóirí ar an eolas maidir lena gcearta; go bhfuil cur síos cothrom déanta ar an gclúdach i bpolasaithe agus in ábhar bolscaireachta ar bhealach gur féidir comparáid a dhéanamh idir pholasaithe. Déanann an tÚdarás athbhreithniú chomh maith ar oiriúnacht na gcleachtas a mbaineann lucht árachais úsáid astu agus iad ag déileáil le tomhaltóirí.
Tá tuairisc foilsithe ag an Údarás um Árachas Sláinte ar a dtugtar: Mo Chearta, mo Roghanna (pdf) agus Táirgí Árachais Phríobháidigh Sláinte a Roghnú (pdf), Is féidir iad ar líne a léamh nó iarratas ar chruacóíp a dhéanamh.
Is féidir comparáid na príomhchostais agus sochair a bhaineann le táirgí árachais sláinte difríúla a dhéanamh tríd an uirlis comparáide táirgí.
Cothromú riosca
Baineann ceann de bhunfheidhmeanna an Údaráis um Árachas Sláinte le hoibriú Scéime um Chothromú Riosca. Is próiseas é cothromú fiontar a fhéachann le neodrú a dhéanamh ar na difríochtaí i gcostais árachóirí a eascraíonn as athruithe i bpróifíl aoise a mball. Tá an próiseas sin ábhartha don chustaiméir sá mhéid go bhféadfadh sé difear a dhéanamh do chúrsaí áirithe amhail feidhmiú an phobalrátaithe agus iomaíocht idir árachóirí. Déanann an tÚdarás Árachas Sláinte Ciste um Chothromú Fiontar a riar, rud a íocann creidmheasanna sláinte don chuideachta árachais thar ceann daoine atá os cionn 60 bliain d’aois chun cabhrú le freastal ar a gcostais éileamh níos airde. Ní ionann na creidmheasanna sláinte do gach aois, don dá inscne ná don leibhéal clúdaigh. Cistítear na creidmheasanna sin trí thobhach pobalrátaithe árachais sláinte a n-íocann árachóirí sláinte é.
Rialacha
Ní mór do gach árachóir sláinte a chlárú leis an Údarás Árachais Sláinte. Is iondúil go mbíonn ar árachóirí riachtanais éagsúla stuamachta a shásamh, a bhaineann leis Banc Ceannais na hÉireann – baineann na riachtanais seo go ginearálta leis na comhlachtaí go léir árachais agus seirbhísí airgeadais, agus le hábhair cosúil le feidhmiú airgeadais agus polasaithe infheistíochta.
Íosleibhéal sochar
I láthair na huaire, ní mór do chomhlachtaí a thairgeann clúdach i dtaca le seirbhísí ospidéil othar cónaitheach íosleibhéal sochar a chur ar fáil. Ní mór dóibh íosleibhéal clúdaigh a thairiscint maidir le:
- Cúram lae/cóireáil othar cónaitheach
- Cóireáil ospidéil othar seachtrach
- Sochair mháithreachais
- Téarnamh
- Cóireáil shíciatrach agus mí-úsáid substaintí.
Is é an t-íosleibhéal cóiríochta cóiríocht leathphríobháideach in ospidéal poiblí.
Conarthaí eile árachais
Tá sé de chead ag comhlachtaí conarthaí a thairiscint atá teoranta do sheirbhísí áirithe sláinte, mar shampla do sheirbhísí fiacla agus optúla, gan a bheith orthu na riachtanais ghinearálta i dtaca le rátáil phobail a shásamh, clárú oscailte agus clúdach feadh saoil. Is féidir leo chomh maith conarthaí a thairiscint maidir le seirbhísí liachleachtóir ginearálta agus othar seachtrach gan beith orthu na riachtanais ó thaobh íosleibhéal sochair.
Rochtain
Baineann trí phrionsabal ghinearálta le hárachas sláinte:
- Clárú oscailte
- Clúdach feadh saoil
- Rátáil phobail
Clárú oscailte
Faoi láthair, ní mór do chomhlachtaí árachais sláinte glacadh le haon duine ar mian leo clárú, is cuma cén aois, gnéas nó stádas sláinte atá acu - cuirtear "clárú oscailte" air seo. Ní mór do scéimeanna le ballraíocht theoranta glacadh le gach duine incháilithe.
Clúdach feadh saoil
Nuair a chláraíonn tú agus nuair leanann tú ar aghaidh ag íoc do phréimheanna, ní féidir leis an gcomhlacht árachais gan clúdach a thabhairt duit - cuirtear "clúdach feadh saoil" air seo.
Rátáil phobail
Ciallaíonn "rátáil phobail" nach mór don chomhlacht árachais an ráta céanna a chur ar leibhéal áirithe seirbhísí, gan bacadh le haois, gnéas nó stádas sláinte a chur san áireamh. Mar sin íocann aosaigh uile an méid céanna as na sochair chéanna. Murab ionann agus árachas mótair nó árachas saoil, níl aon tionchar ag gnéas, claonadh gnéasach, sláinte nó stair éileamh ar na táillí a chaitear a íoc as árachas.
Is féidir go mbeidh táillí níos lú ná na gnáth táillí d'aosaigh i gcás daoine faoi 18 mbliana, daoine idir 18 agus 23 bliana, daoine ar scor a bhfuil socrú speisialta acu le scéim árachais a gcomhlachta agus daoine i scéimeanna grúpa árachais sláinte.
Saoil Rátáil Chomhphobail
Ón 1 Bealtaine 2015, beidh táillí níos airde i bhfeidhm do dhaoine atá 35 bliain d’aois nó níos sine agus árachas sláinte á cheannach acu den chéad uair. Cuirfear lódáil 2% leis an gcostas i leith gach bliana os cionn 34 bliain d’aois. Mar shampla, má tá tú 35 bliain d’aois, beidh an costas a íocfaidh tú 2% níos airde ná an costas a íocfaidh duine atá 34 bliain d’aois. Má tá tú 44 bliain d’aois, beidh an costas a íocfaidh tú 20% níos airde ná an costas a íocfaidh duine atá 34 bliain d’aois.
Ní chuirfear na lódálacha sin i bhfeidhm sa chás go bhfuil árachas sláinte agat cheana féin nuair a thagann siad i bhfeidhm.
Más rud é nach bhfuil árachas agat an 1 Bealtaine 2015 agus go raibh árachas sláinte agat roimhe sin, beidh tú in ann creidmheas a fháil i leith an ama ina raibh árachas agat, rud a laghdóidh líon na mblianta a mbeidh feidhm ag an lódáil ina leith.
Má tá briseadh de níos lú ná 13 seachtaine ann i do chlúdach, ní dhéanfar difear do do lódáil.
Má chealaigh tú do chlúdach árachais ar feadh tréimhsí fostaíochta ón 1 Eanáir 2008, beifear in ann creidmheasanna trí bliana ar a mhéad a chur ar fáil.
Más rud é go mbeidh cónaí ort lasmuigh d’Éirinn an 1 Bealtaine 2015 agus go mbogfaidh tú go hÉirinn ina dhiaidh sin, ní chuirfear lódáil i bhfeidhm i do leith sa chás go gceannóidh tú árachas sláinte laistigh de naoi mí agus go gcoinneoidh tú an t-árachas sin ar bun.
Tá liosta de cheisteanna coitianta faoin bpobalrátú saoil foilsithe ag an Roinn Sláinte. Tá na rialacháin leagtha amach in Ionstraim Reachtúil 312 de 2014 (pdf).
Tréimhsí fheithimh
Ní fhéadfaidh an chuideachta árachas sláinte diúltú do ghlacadh leat bunaithe ar do stádas sláinte, ach féadfaidh sé srian a chur i gcúinsí áirithe leis an gclúdach a chuirfidh sí ar fáil duit.
Tréimhsí feithimh tosaigh
Tá árachóirí i dteideal tréimhse feithimh thosaigh a chur i bhfeidhm sula dtiocfaidh árachas sláinte príobháideach i bhfeidhm:
Aois | Tréimhse feithimh |
faoi bhun 55 bliain | 26 seachtain |
55-64 | 52 seachtain |
65 bliain nó níos sine | 104 seachtain |
Beidh ar bhaill de Ghnóthas Ballraíochta Teoranta (seachas BSL) tréimhsí feithimh d’iontrálaithe nua a chur isteach agus iad ag aistriú chuig Gnóthas Ballraíochta Oscailte, ar nós VHI, Aviva, Laya nó GloHealth.
I gcás polasaithe a fhaightear ón 1 Bealtaine 2015, is é a bheidh sa tréimhse uasta tosaigh feithimh ná 26 seachtain do gach aoisghrúpa.
I gcás éilimh a bhaineann le máithreachas, fanfaidh an tréimhse feithimh amhail 52 seachtain.
Riochtaí atá ann cheana féin
Ina theannta sin, féadfaidh an chuideachta árachais sláinte diúltú do chlúdach i ndáil le riochtaí atá ort cheana féin a chur ar fáil duit ar feadh tréimhsí níos faide tar éis duit clárú leo. Mar shampla, má tá diaibéiteas ort, féadfaidh an chuideachta árachais diúltú d’aon chlúdach do dhiaibéiteas a chur ar fáil duit ar feadh tréimhse shonraithe, ach ní mór di tú a chlúdach d’aon chineálacha eile tinnis chomh luath agus a bheidh an tréimhse feithimh thosaigh éagtha.
Aois tráth an chlárúcháin | Tréimhse feithimh |
faoi bhun 55 bliain | 5 bliana |
55-59 | 7 mbliana |
os cionn 60 bliain | 10 mbliana |
Féadfar aon tréimhse feithimh i gcomhair reachta atá ann cheana féin a aistriú ó árachóir Éireannach amháin go hárachóir Éireannach eile; má dhéantar an t-aistriú laistigh de 13 seachtaine, ní bheidh ar an árachaí na tréimhsí feithimh críochnaithe a chur isteach arís. Therefore, you can normally move from one Irish insurer to another without loss of cover.
I gcás polasaithe a fhaightear ón 1 Bealtaine 2015, is é a bheidh sa tréimhse uasta tosaigh feithimh i gcás coinníollacha réamhreatha ná 5 bliana do gach aoisghrúpa.
Tréimhsí feithimh a uasghrádú
Má tá pleananna árachas sláinte á n-aistriú agat, féadtar na tréimhsí uasta a leanas a chur i bhfeidhm ar aon sochar níos airde ar an bplean nua:
Na tréimhsí uasta feithimh do shochair uasghrádaithe | |
An aois a dhéantar an t-uasghrádú | Tréimhse feithimh |
Faoi 65 bliain | 2 bhliain |
Os cionn 65 bliain | 5 bliana |
I gcás polasaithe a fhaightear ón 1 Bealtaine 2015, is é a bheidh sa tréimhse uasta feithimh i gcás sochair uasghrádaithe ná 2 bhliain do gach aoisghrúpa.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór duit iarratas a chur isteach go díreach chuig an gcomhlacht árachais ar mian leat clárú ann. Caithfidh gach comhlacht glacadh leis na rialacha ginearálta luaite ach i ndiaidh sin is féidir leo a rialacha féin a cheapadh. Tá leibhéil éagsúla ar fáil agus tá rátaí éagsúla íocaíochta ag na comhlachtaí éagsúla.
Is gnách gur conarthaí 12 mhí iad polasaithe árachas sláinte. Más mian leat d’árachóir nó do phlean árachais a aistriú, féadfaidh tú amhlaidh a dhéanamh ag do chéad dáta athnuachana eile. D’fhéadfadh go bhfuil srianta ag árachóirí ar phlean a aistriú le linn an téarma 12 mhí.
Prionsabal ginearálta é i gcúrsaí árachais go bhfuil ort do shonraí ábhartha ar fad a thabhairt don chomhlacht árachais. Mura ndéanann tú sin, d'fhéadfadh an conradh iomlám a chur ar neamhní.
Má tá fadhbanna agat ag fáil clúdaigh, ba chóir duit a dhul i dteagmháil leis an Roinn Sláinte nó leis an Údarás Árachais Sláinte.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Tá tuilleadh eolais faoi na rialacha árachais sláinte phríobháideach ar fáil ó: