Cúirt Uachtarach na hÉireann
Réamhrá
Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt is airde in Éirinn agus is í an chúirt deiridh achomhairc. Is gnách go suíonn sí sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath.
Is éard atá sa Chúirt Uachtarach ná Príomh-Bhreitheamh, arb é/í Uachtarán na Cúirte, agus 9 ngnáthbhreitheamh. Breithiúna breise na Cúirte Uachtaraí iad Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus Uachtarán na hArd-Chúirte. Is féidir leat níos mó a léamh faoi chóras cúirteanna na hÉireann.
Éisteann agus déanann 5 bhreitheamh cinneadh faoi achomhairc leis an gCúirt Uachtarach de ghnáth. Is féidir leis an bPríomh-Bhreitheamh a ordú, áfach, go n-éisteann 3 bhreitheamh nó, i gcásanna eisceachtúla, 7 mbreitheamh, le haon achomharc nó aon cheist eile nó go ndéanann siad cinneadh fúthu. Is í an t-aon eisceacht leis seo ceisteanna a bhaineann leis an mBunreacht, nach mór do 5 bhreitheamh, ar a laghad, éisteacht leo.
Feidhmeanna na Cúirte Uachtaraí
Tá na feidhmeanna seo a leanas ag an gCúirt Uachtarach:
- Éisteann sé le hachomhairc ón gCúirt Achomhairc má tá an Chúirt Uachtarach sásta faoi na rudaí seo a leanas:
- - baineann ceist lena mbaineann tábhacht don phobal i gcoitinne leis an gcinneadh, nó
- - is gá, ar mhaithe le ceartas, achomharc a dhéanamh leis an gCúirt Uachtarach
- Éisteann sé le hachomhairc ón Ard-Chúirt má tá an Chúirt Uachtarach sásta go bhfuil cúinsí eisceachtúla ann ar gá achomharc díreach a dhéanamh leis an gcúirt. Caithfidh an Chúirt Uachtarach a bheith sásta faoin na rudaí seo a leanas:
- - baineann ceist lena mbaineann tábhacht don phobal i gcoitinne leis an gcinneadh, nó
- - ar mhaithe le ceartas é
- Is cúirt bhunreachtúil í, mar gheall gurb inti a dhéantar an cinneadh deiridh i dtaobh Bunreacht na hÉireann a léirthuiscint
- Is féidir léi deireadh a chur le téarma oifige an Uachtaráin, má dhéanann 5 bhreitheamh nó níos mó de chuid na Cúirte Uachtaraí an cinneadh go bhfuil Uachtarán ar éagumas go buan
- Is féidir leis an gcúirt bunreachtúlacht Bhille a chuir an tUachtarán faoina bráid, a ritheadh in dhá Theach an Oireachtais a sheiceáil
Rialáil ar bhunreachtúlacht Bhille
Nuair a dhéanann an tUachtarán Bille a bheartaítear a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí, éistear leis os comhair 7 mbreitheamh. Déanann abhcóide ionadaíocht d’Oifig an Ard-Aighne, a chuireann ina luí go bhfuil an Bille bunreachtúil agus nár cheart é a leasú. Ceapann an Chúirt abhcóide eile leis na cúiseanna a leagan amach go bhfuil an Bille míbhunreachtúil agus nár cheart é a achtú.
I gcásanna ina scrúdaítear cibé acu an bhfuil Bille bunreachtúil nó a mhalairt, déanann an Chúirt Uachtarach cinneadh amháin agus tá an cinneadh seo críochnaitheach. Má dheimhnítear sa chúirt go bhfuil an Bille in aghaidh an Bhunreachta, ní féidir é a achtú isteach sa dlí mar atá sé.
Eolas breise
Tá tuilleadh eolais ar an gCúirt Uachtarach ar fáil ag supremecourt.ie.