Fíneálacha uasta ar ciontú achomair
Eolas
Aicmí fíneála
Ciontú achomair is ea ciontú nach féidir ach le breitheamh déileáil leis a shuíonn gan ghiúiré, is é sin, sa Chúirt Dúiche. Faoin Acht Fíneálacha, 2010, ó Eanáir 2011, is ann do 5 chatagóir nó aicme d’fhíneáil uasta a bhaineann le ciontuithe achomair. Má tá duine faoi dhliteanas ar ciontú achomair fíneáil d’aicme áirithe a íoc, tugtar thíos an fhíneáil uasta. Mar shampla, is é €4,000 an fhíneáil uasta d'aicme B.
Aicme fíneála | A | B | C | D | E |
---|---|---|---|---|---|
Fíneáil Uasta | €5,000 | €4,000 | €2,500 | €1,000 | €500 |
Fíneálacha uasta arna n-achtú roimh 2011
Má achtaíodh nó má shocraíodh an fhíneáil uasta ar ciontú achomair le haghaidh cion áirithe roimh Eanáir 2011, rangaítear anois í faoi cheann de na haicmí fíneála. Braitheann an t-aicme fíneála lena mbaineann sí ar cathain a socraíodh an fhíneáil ar an méid ar ar socraíodh an fhíneáil uasta dó. Mar shampla, má shocraigh an reachtaíocht (acht nó ionstraim reachtúil) an fhíneáil uasta ar ciontú achomair le haghaidh cion áirithe ag €500 i 1992, baineann fíneáil aicme D anois. Féach an tábla thíos.
Aicme fíneála | A | B | C | D | E |
---|---|---|---|---|---|
Tréimhse ionsuite | Fíneáil (€) | Fíneáil (€) | Fíneáil (€) | Fíneáil (€) | Fíneáil (€) |
1997 - 2010 | 4,001 - 5,000 | 2,501 - 4,000 | 1,001 - 2,500 | 501 – 1,000 | 1 - 500 |
1990 - 1996 | 2,770 - 5,000 | 1,732 - 2,769 | 693 - 1,731 | 347 - 692 | 1 - 346 |
1980 - 1989 | 2,329 - 5,000 | 1,456 - 2,328 | 583 - 1,455 | 292 - 582 | 1 - 291 |
1975 - 1979 | 971 - 5,000 | 607 - 970 | 243 - 606 | 122 - 242 | 1 - 121 |
1965 - 1974 | 492 - 5,000 | 308 - 491 | 124 - 307 | 62 - 123 | 1 - 61 |
1945 - 1964 | 235 - 5,000 | 148 - 234 | 60 - 147 | 30 - 59 | 1 - 29 |
1915 - 1944 | 128 - 5,000 | 80 - 127 | 33 – 79 | 17 - 32 | 1 - 16 |
Up to 1914 | 101 - 5,000 | 51 - 100 | 26 - 50 | 7 - 25 | 1 - 6 |
Ciontuithe indíotáilte a thriailtear go hachomair
Ciallaíonn cion indíotáilte cion nach mór nó a fhéadtar a thriail os comhair breithimh agus giúiré, is é sin, sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil. Sa chás go dtriailtear cion indíotáilte go hachomair, is é fíneáil aicme A an fhíneáil uasta lena mbaineann.
Fíneálacha uasta má chiontaítear thú ar díotáil
Má socraíodh an fhíneáil uasta le haghaidh ciontú ar díotáil le haghaidh cion áirithe i 1997 nó tráth dá éis sin, is í sin an fhíneáil uasta don chion sin go fóill.
Má socraíodh an fhíneáil uasta roimhe sin, méadaítear an luach ar ar socraíodh í faoin iolraitheoir cuí, amhail a thugtar sa tábla thíos, d’fhonn luach reath na fíneála uasta a dheimhniú. Mar shampla, más ionann agus €5,000 a socraíodh an fhíneáil uasta i 1984, iolraítear faoi 2 é seo le luach reatha €10,000 na fíneála a fháil.
Tréimhse ionsuite | Iolraitheoir |
---|---|
1990 - 1996 | 1.75 |
1980 - 1989 | 2 |
1975 - 1979 | 5 |
1965 - 1974 | 10 |
1945 - 1964 | 21 |
1915 - 1944 | 39 |
Go dtí 1914 | 50 |