Ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha
- Cad is Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha ann?
- Conas cáiliú
- Cad is cúram lánaimseartha ann?
- Conas a úsáidim Ranníocaíochtaí Cúramóra Fadtéarmacha chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach)?
- Conas iarratas a dhéanamh
- Sonraí teagmhála
Cad is Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha ann?
Ó Eanáir 2024, tabharfar isteach scéim nua Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha.
Faoin scéim, má bhí tú i do chúramóir lánaimseartha ar feadh 20 bliain ar a laghad (1040 seachtain), féadfaidh tú Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha a fháil chun cabhrú leat cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach).
Is ionann Ranníocaíocht Cúramóra Fadtéarmach agus ranníocaíocht íoctha ar do thaifead ÁSPC do gach seachtain a sholáthraíonn tú cúram lánaimseartha. Déanann an ranníocaíocht é níos éasca do chúramóir cailiú don Phinsean Stáit Ranníocach nuair a shroicheann siad aois an phinsin.
Níl reachtaíocht ina leagtar amach sonraí iomlána na scéime fooilsithe fós. Déanfar an leathanach seo a nuashonrú de réir mar a bheidh tuilleadh eolais ar fáil.
Conas cáiliú
Chun cáiliú, ní mór duit:
- Bhí cónaí ort in Éirinn nuair a bhí an cúram á sholáthar agat
- Bhí tú os cionn 16 bliana d'aois agus faoi aois an phinsin nuair a chuir tú cúam ar fáil
- Nach raibh i bhfostaíocht, féinfhostaíocht, obair dheonach, oiliúint nó cúrsaí oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain
- Ní raibh íocaíócht sheachtainiúil leasa shóisialaigh á fáil agat nuair a bhí cúram á dhéanamh agat, ach amháin Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúraim Baile nó Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
- Chónaigh tú leis an duine a raibh tú ag tabhairt aire dó agus chuir tú cúram agus aire lánaimseartha ar fáil. I gcúinsí áirithe, d'fhéadfá cáiliú mura raibh tú i do chónaí leis an duine dá dtugtar aire, ach gur chuir tú cúram agus aire lánaimseartha ar fáil.
Cad is cúram lánaimseartha ann?
Chun Ranníocaíocht Chúramóra Fadtéarmach a fhail, ní mór duit a bheith ag cur cúram lánaimseartha ar fáil do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth orthu.
Feictear go bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth ar dhuine nuair:
- Teastaíonn maoirseacht leanúnach uatha chun contúirt dóíbh féin a shachtaint, nó
- Ní mór dóibh maoirseacht leanúnach agus cúnamh minic i rith an lae le feidhmeanna coirp. Mar shampla, cabhrú le siúl agus dul thart, ithe nó ól, nite nó cóirithe.
Caithfidh nádúr agus méid an mhíchumais a bheith deimhhnithe ag dochtúir don duine atá faoi chúram.
Conas a úsáidim Ranníocaíochtaí Cúramóra Fadtéarmacha chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach)?
Chun Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil ní mór líon áirithe ranníocaíochtaí íoctha a bheith agat. Cinneann líon na ranníocaíochtaí freisin do ráta pinsin.
Nuair a bheidh 20 bliain (1040 seachtain) de chúram lánaimseartha sroichte agat, féadfaidh tú Raníocaíochtaí Cúramóra Fadtéarmacha a áireamh agus do Phinsean Stáit (Ranníocach) á ríomh agat.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ranníocaíochtaí Fadtéarmacha Cúramóirí ar líne ag MyWelfare.ie. Ní mór cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat chun iarratas a dhéanamh trí MyWelfare.ie.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh tú dul i dteagmháil le Tacaíochtaí Cúraim Pinsin sa Roinn Coimirce Sóisialaí chun foirm iarratais pháipéir a iarraidh.